An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, taistealaíonn Louise Bheag agus Benjamin trasna an Atlantaigh sa tóir ar a n-athair. Ag teannadh le cósta Mheicsiceo, cloiseann Louise Bheag agus Benjamin go bhfuil a n-athair sa tóir ar ór na nIncach. Ach ní mar a síltear bítear. Is gearr go mbíonn an cúpla i gcroílár na foraoise, i gcathair Phéist na gCleití. Agus níl ansin ach a thús!
Casann Mártan le cailín beag bricíneach sa tsráid agus tugann sí ar cuairt é chuig gabha mistéireach ina cheárta agus cuireann in aithne é d’amhránaí álainn rua. Ach cé na trioblóidí atá ag an mBean Rua agus a hiníon? Agus cé hé an gabha a bhfuil ceárta aige taobh thiar den gharáiste?
An Fhrainc, sa bhliain 1660. Tar éis bhás a máthar, téann Louise Bheag agus Benjamin sa tóir ar a n-athair. Le chéile, fágann siad Páras agus tugann siad aghaidh ar an gcósta. Castar an Fheasóg Dhubh orthu, agus foghlaí mara eile a insíonn dóibh go bhfuil a n-athair beo, agus go bhfuil a mbeatha i mbaol. Agus, gan súil ar bith acu leis, tugtar ar bord loinge iad. Leis sin, cuirtear tús le heachtraí móra farraigí agus leis an gcéad leabhar sa tsraith Bratach na gCnámh.
An tAigéan Atlantach, sa bhliain 1660. Ar bord Ordóg na Feirge agus iad sa tóir ar a n-athair, cuireann Louise Bheag agus Benjamin eolas ar shaol na mara. Agus baintear obair astu! Tar éis dóibh teacht slán as stoirm uafásach ar an bhfarraige, fágtar an bheirt ar long na dtaibhsí!
Eachtraí spleodracha Ghráinne Ní Mháille, máthair, ceannaire agus mairnéalach, bean nár smachtaíodh riamh; bean a d’fhulaing go leor ach a tháinig slán ar deireadh mar dhuine de mhórlaochra stair na hÉireann.
Scéal eipiciúil spleodrach suite ar chósta thiar na hÉireann sa 16ú haois, inste go bríomhar ag Gisela Pizatto agus maisithe go healaíonta ag Bruno Büll. Iarla Mac Aodha Bhuí a d'aistrigh.